Post by Údarás na Gaeltachta
9,267 followers
Tá ár gcroí briste inniu ag cloisteáil faoi bhás Moya Brennan - Máire Ní Bhraonáin - ceann de na guthanna is mó le rá a tháinig riamh as croílár na Gaeltachta. Le Clannad, d'éirigh le Moya rud nach raibh déanta roimhe sin, amhráin Gaeilge a thabhairt chuig lucht éisteachta ar fud an domhain. Ba iad an chéad ghrúpa riamh a chas amhrán as Gaeilge ar Top of the Pops, i 1982. Bhuaigh siad BAFTA do Robin of Sherwood in 1984, agus Grammy do Best New Age Album in 1999. In 2024, bhronn Údarás na Gaeltachta Sparántacht Clannad – Caoga Bliain Faoi Bhláth mar ómós buan d'oidhreacht iontach Clannad. Scéim chun ealaíontóirí Gaeltachta a spreagadh saothar úr a chruthú i nGaeilge. Ár gcomhbhrón ó chroí le muintir Mhoya. Suaimhneas síoraí di.