Post by Údarás na Gaeltachta

9,381 followers

An bua is mó faoi oibrithe proifisiúnta sláinte a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ná go mbeidh muintir na Gaeltachta in ann an tseirbhís a fháil ar bhealach atá nádúrtha dóibh. “Rugadh agus tógadh mé leis an nGaeilge mar an chéad teanga. Bíonn sé agat. Níl drogall orm ar chor ar bith a bheith ag obair mar sin,” a deir Leah “Tá sé deacair a thuiscint ach tá neart de mhuintir Chonamara sna haoiseanna aosta nach bhfuil acu ach Gaeilge agus beagán Béarla. “Is maith an rud é gur féidir leo siúd dul isteach agus na seirbhísí sláinte a fháil, agus cumarsáid a dhéanamh, ina dteanga dhúchasach féin. “Má tá siad tinn, nó ag fáil drochnuachta, má tá siad ag fáil an eolais ina dteanga dhúchasach féin, tabharfaidh sé compord dóibh. B’fhéidir go mbeidh beagáinín níos mó tuisceana acu.”. #TacúChunTairbhe https://lnkd.in/eaBgSwuC

Post content