Post by The Examcraft Group

1,085 followers

Labhair sibh. D’éist muid. Tá an t-eagrán nua de Mata Meabhrach anseo — agus é athnuachana chun freastal ar riachtanais an churaclaim nua matamaitice bunscoile, gan an fhormáid chlasaiceach a bhfuil muinín ag múinteoirí agus daltaí aisti a chailleadh. Coinníonn Níos Mó Ná Mata Meabhrach an struchtúr móréilimh de 100 triail, ach cuireann sé feabhsuithe suntasacha leis chun tacú le foghlaim níos éifeachtaí agus níos taitneamhaí: • Níos lú ceisteanna ar gach leathanach, ag tabhairt níos mó spáis do pháistí chun a gcuid freagraí a scríobh go soiléir agus go muiníneach. • Breis is 50 cluiche idirghníomhach ar líne, ar fáil go héasca trí chóid QR — ag cur leis an gcur chuige spraíúil agus ag neartú tuiscint an pháiste. • Ceisteanna breise do obair bheirte agus ghrúpa, chun comhoibriú agus cumarsáid a spreagadh sa seomra ranga. • Ábhair ionramhála (manipulatives) i lár na leabhar, le gearradh amach ag na daltaí — ag tabhairt cur chuige praiticiúil, lámh-ar-láimh don mhatamaitic. • Gluais de théarmaí dúshlánacha ag deireadh gach leabhair, mar thaca úsáideach do thuismitheoirí agus do dhaltaí araon. Le Níos Mó Ná Mata Meabhrach, táimid ag tabhairt an mhatamaitice chun beatha — níos idirghníomhaí, níos inrochtana, agus níos taitneamhaí ná riamh.

Post contentPost contentPost content