Post by TG4

10,799 followers

🤳Sin sin! Tá an dara Dhianchúrsa Oiliúna san Iriseoireacht críochnaithe! ✅ 📱Chuir TG4 an cúrsa ar fáil arís i mbliana ag i gcomhar le Gréasán na Meán Skillnet & Údarás na Gaeltachta 🙏Ba mhaith linn buíochas ó croí a ghabháil leis na rannpháirtithe agus aoichainteoirí ar fad agus dár ndóigh, stiúrthóir an chúrsa Grett O'Connor 🙌 📹Cuireadh oiliúint ar rannpháirtithe an chúrsa iriseoireachta maidir le cén chaoi tuairisc nuachta a chur le chéile do na meáin ar líne agus don teilifís. D'fhoghlaim siad faoin gcaoi le scéalta láidre a bhailiú, a fhiosrú agus a scríobh don ré ilardáin ilmheáin ina bhfuilimid! ✍️ Cuireadh oiliúint orthu freisin ó thaobh taighde de, foinsí agus dlí na meán. Chomh maith leis sin, cuireadh oiliúint orthu i gcruinnscríobh na Gaeilge, scripteanna agus ailt nuachta a scríobh don idirlíon agus cén chaoi leis an nuacht a léiriú do na meáin shóisialta! 💡D'fhoghlaim siad na bunscileanna ar an gcúrsa seo atá de dhíth ar gach iriseoir chun go mbeidh siad ábalta oibriú i seomra nuachta an lae inniu. #journalism #course #gaeilge #journalists Deirdre Ní Choistín Dáithí de Mórdha Skillnet Ireland

Post contentPost contentPost contentPost contentPost contentPost contentPost contentPost content