Post by TG4

10,877 followers

"It's a great honour" 💚 Faighteoir Ghradam Ceoil TG4 2026 – Cathal Hayden Rugadh Cathal Seán Hayden in 1963 ar an gCarraig, Co. Thír Eoghain, in aice le Pomeroy, ceantar atá báite sa cheol traidisiúnta. Tógadh é i dteach ina raibh bua an cheoil acu, ba ar an mbainseó teanóir a thosaigh sé agus ansin thug sé faoin bhfidil, é ag caomhnú nós teaghlaigh a roinn a athair agus a sheanaithreacha leis. Thaifead Cathal a chéad albam aonair, Handed Down, sa bhliain 1980 lena dhlúthchara agus meantóir Arty McGlynn. Bhí an ceol a bhí aige ón mbaile le brath ar an albam agus ba é sin a chuir tús lena ghairm iontach taifeadta. D’eisigh sé ceirníní mór le rá ina dhiaidh sin lena n-áirítear Cathal Hayden, Live in Belfast agus Hooked on Banjo. Bhain Cathal níos mó clú agus cáil amach leis an ngrúpa Arcady in 1988, sular chomhbhunaigh sé Four Men and a Dog in 1991. Céim mhór chun cinn sa cheol traidisiúnta a bhí ina gcéad albam, Barking Mad, é ar cheann de na halbaim mhóra thraidisiúnta Éireannacha de chuid na linne sin agus bhuaigh sé duais Folk Roots don Albam is Fearr leis an albam céanna. Tá seinnte ag Cathal le go leor de na ceoltóirí is fearr in Éirinn i gcaitheamh na mblianta, lena n-áirítear Christy Moore, Paddy Keenan, Máirtín O’Connor, Seamie O’Dowd, Dónal Lunny agus na Bow Brothers. Tá sé ina mháistir ar an bhfidil agus ar an mbainseó araon, agus tá paisean, beocht agus samhlaíocht curtha aige le ceol traidisiúnta na hÉireann ar ardáin ar fud an domhain.

Post content

Video Content