Post by Seán Ó hAdhmaill

Príomhoifigeach Cúnta - Assistant Principal at An Roinn Oideachais agus Óige

Scéal na gciorclán maidir le cur i bhfeidhm Is féidir liom, is féidir linn...Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla clúdaithe in alt ag Tuairisc .ie: https://lnkd.in/dkvhrXpG "I gciorclán atá scaipthe ag an Roinn ar phríomhoidí agus lucht bainistíochta scoileanna, deirtear go bhfuil sé mar aidhm ag an bplean tacú go háirithe le cumas labhartha scoláirí sa nGaeilge a fhorbairt. Táthar freisin ag iarraidh go spreagfaidh an plean meon dearfach i leith na Gaeilge, go dtiocfaidh méadú ar úsáid na Gaeilge i scoileanna Béarla agus go mbeidh rochtain ag gach dalta ar fhoghlaim na teanga." "Deirtear sa gciorclán agus ag foireann ceannaireachta scoile atá atá “an príomhról” maidir leis “an gcultúr ceart a chruthú chun teagasc, foghlaim agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn”. Deirtear go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh deiseanna ag scoláirí an Ghaeilge a chloisteáil, a labhairt agus a úsáid." "Moltar do cheannairí scoile breithniú a dhéanamh, mar shampla, ar an gcaoi gur féidir leo infheictheacht na #Gaeilge sa scoil a mhéadú, rath agus iarrachtaí na scoláirí agus múinteoirí a cheiliúradh agus tacú le múinteoirí a chuireann an teanga chun cinn sa scoil." "Moltar freisin deiseanna a chur ar fáil do dhaltaí chun an teanga a úsáid lasmuigh de na ceachtanna Gaeilge a bhíonn acu sa rang. Luaitear rannpháirtíocht sa scéim Gaelbhratach agus caidreamh le grúpaí Gaeilge áitiúla i measc na mbealaí go bhféadfaí é sin a dhéanamh." "Tá eolas sa gciorclán chomh maith maidir leis na tacaíochtaí atá ann do mhúinteoirí chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc a ndaltaí." Ciorclán 0051/2026 (Bunleibhéal) https://lnkd.in/dFG6uHX9 Ciorclán 0050/2026 (Iar-bhunleibhéal) https://lnkd.in/dVgBF-5k #Isféidirliom #Isféidirlinn