Post by publicjobs
220,187 followers
Tá muid ag glacadh le hiarratais ar Phrintíseachtaí nua Gnó agus Oibríochtaí anois! 📢 Tabharfaidh an comórtas iontach nua seo, ina bhfuil sruth Béarla agus sruth Gaeilge ar fáil, deis do phrintísigh airgead a thuilleamh agus iad ag foghlaim agus cáilíocht aitheanta a bhaint amach, mar aon le taithí phraiticiúil a fháil trí obair a dhéanamh i gceann de na heagraíochtaí Státseirbhíse. Is cuma más fágálaí scoile thú, má tá tú ag tosú amach i do ghairm, má tá fonn ort scileanna nua a fhoghlaim, nó do ghairm a athrú, is féidir go mbeadh an phrintíseacht seo oiriúnach duitse! Tríd an gclár, forbróidh tú tuiscint ar an gcaoi a gcuirtear seirbhísí poiblí ar fáil, déanfaidh tú teagmháil le feidhmeanna gnó éagsúla, agus cuirfidh tú feabhas ar do chumas digiteach agus ceannaireachta in ionad oibre a bhíonn ag athrú de shíor. Cuirfidh tú le hobair fhiúntach a mbíonn dea-thionchar aici ar shaoránaigh, ar phobail, agus ar an tsochaí. Má roghnaíonn tú an sruth Gaeilge, beidh an deis agat tuilleadh forbartha a dhéanamh ar do scileanna Gaeilge agus a bheith páirteach san aistriú chuig seirbhís phoiblí dhátheangach. Cén fáth ar chóir tabhairt faoin bPrintíseacht? • Thuillfeá airgead agus tú ag foghlaim • Gheofá cáilíocht QQI ag leibhéal 6 ag deireadh an chláir • Ní bheadh táillí teagaisc i gceist • Gheofá Creidiúnú TEG ag leibhéal B2, ar a laghad, (sruth Gaeilge) ag deireadh an chláir • Bheadh deiseanna ann dul ar aghaidh chuig leibhéal an Oifigigh Feidhmiúcháin • Gheofá tacaíocht mheantóireachta le linn an chláir An bhfuil suim agat sa chomórtas seo? Tapaigh an deis teacht ag obair linn agus airgead a thuilleamh agus tú ag foghlaim! Chun tuilleadh eolais a fháil agus iarratas a chur isteach👉https://lnkd.in/d4xFfgVz #TáPostPoiblíAnnChuigeSin
Video Content