Post by publicjobs
221,435 followers
Cúpla uair sa bhliain, tugann an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce cuireadh do poistpoiblí chuig a gcéad searmanas saoránachta eile. Glacaimid leis i gcónaí. Is annamh a bhíonn an deis againne a bheith ag obair ag imeacht speisialta mar sin ag a mbíonn an deis againn bualadh le daoine ar cheann de na laethanta is fearr dá saol. Le cúpla lá anuas, bhí ár bhfoireann ar an láthair ag an Gleneagle INEC Arena i gCill Airne chun bualadh le 4,600 duine a bhí ann chun a stádas nua mar shaoránaigh a cheiliúradh agus chun ár gcomhghairdeas a dhéanamh leo, chun lámh a chroitheadh leo agus muid ag breathnú ón taobhlíne agus chloch mhíle mhór ollmhór á baint amach acu lena ndaoine muinteartha. Ba mhaith linn gach rath a ghuí ar na saoránaigh nua uilig ar bhuail muid leo. Comhghairdeas!