Post by Eoin Mc Evoy
Teicneolaí Oideachais | Educational Technologist at UCD & Stiúrthóir | Director of AerachAiteachGaelach
Bhí ardú croí ag baint leis an gComhdháil Aiteach le UCD agus AerachAiteachGaelach Déardaoin seo caite agus bhí an-rath uirthi agus 60 duine i láthair. Ní chuireann an rath sin lá iontais orm i bhfianaise an fháis atá tagtha ar líon na ndaoine LADTA+ atá sásta an Ghaeilge a úsáid nó a fhoghlaim le blianta beaga anuas. Thíos in amharclann an Trapdoor a bhí muid agus muid ag breathnú ar dhamhsa, gearrscannáin, filíocht, scéalaíocht, drámaíocht agus ceol le healaíontóirí LADTA+ agus ag éisteacht le taighdeoirí atá ag obair ar ábhair LADTA+ sa litríocht agus sa litearthacht, sa teagasc agus sa téarmaíocht, sa tsocheolaíocht agus sa tsíceolaíocht, sa gcultúr agus sa gcúram sláinte. Pléadh gach rud ó leabhair le haghaidh páistí go dtí an ceimghnéas! Bhí Uachtarán na hOllscoile, Orla Feely, i láthair mar aon le Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, Aoife Whelan, agus Oifigeach Taibhealaíon Bhaile Átha Cliath Oireachtas na Gaeilge, Mairéad Ní Neachtain. Comhghairdeas le mo chomhbhádóirí ar choiste na comhdhála, An Dr Jamie Murphy a stiúir an bád dúinn, Stiofán Ó Briain, Dean Farrell, Em Ó Ceallaigh, an Dr Seán Mac Risteaird, Ph.D, SFHEA agus an Dr John Walsh. Ba mhór an obair í agus b'fhiú gach soicind di! Chuir Oireachtas na Gaeilge agus Cistí CÉI na hOllscoile tacaíocht ar fáil chun go bhféadfadh muid táillí a íoc lenár gcuid ealaíontóirí, córas ateangaireachta a chur ar fáil agus sólaistí a chur ar fáil chun na rannpháirtithe a chothú i gcaitheamh an lae! Mír ó Raidió na Gaeltachta maidir leis an gComhdháil anseo: https://lnkd.in/dpD_agqi #Gaeilge #Bród #Pride #LADTA #LGBTQ