Post by Eilís Ní Scannláin

Oifigeach Pleanála Teanga

Tá dhá mhí caite agam anois i mbun pleanála teanga. Tá sé ana dhifriúl ón eagarthóireacht (cé go bhfuilim fós ag teacht ar leithscéalta chun mo cheadúnas creative cloud a úsáid!). ☀️ Táim i gcónaí ag foghlaim, i gcónaí ag bualadh le daoine nua agus go hiomlán fé gheasa an Daingin. ☕️ Is post ana spreagúil é, bímse ag éisteacht le scéalta gníomhacha agus cruthaitheacha ó OPTanna eile agus i gcónaí ag iarraidh deiseanna a chur ar fáil don phobal sa bhaile seirbhísí Gaeltachta seo. Táim ana bhuíoch as Christín DeMórdha. Is saineolaí pleanála teangan í agus is onóir é dom a bheith ag clúdach a ról fads’atá sí ar saoire mháithreachais. Táim ag tnúth go mór leis an samhradh agus an fiántas a tiocfaidh léi, chomh maith leis na féilte agus na himeachtaí a bheidh á eagrú agamsa agus ag Tobar Dhuibhne. Is áit ealaíona, ceolmhar, doinneanach agus nádúrtha é an áit seo agus táim ag súil leis na téamaí sin a snoí i mo chuid oibre.🪕⛈️ 🌱

Post content