Post by Department of Housing, Local Government and Heritage
27,595 followers
👷A Thógálaithe Gairmiúla – ar mhaith libh eolas a chur ar scileanna tógála traidisiúnta? Bí linne, an tSeirbhís Náisiúnta Oidhreachta Tógtha, ar an Spidéal i nGaillimh an 31 Iúil d’imeacht lae ‘Ag tabhairt faoi Theach Feirme Traidisiúnta’. 📆Tá an t-imeacht seo dírithe ar dhaoine atá ag obair san earnáil (ailtirí, innealtóirí, suirbhéirí, pleanálaithe, oibrithe tógála eile, foireann údaráis áitiúil agus conraitheoirí tógála). Cuir eolas ar scileanna traidisiúnta agus foghlaim le foirgnimh stairiúla a réiteach ar bhealach atá ag teacht leis an bhfoirgneamh le hábhair oiriúnacha. Beidh leath de i mBéarla agus leath i nGaeilge. 📩Níl ach cúpla áit fanta, mar sin cuir d’áit in áirithe trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí NBHS ar https://bit.ly/3Sijrbe
Video Content