Post by Concubhar O'Liathain
Comhfhreagraí Gaeltachta, The Journal
I ghnó na h-iriseoireachta, bímíd ag caint ar scéalta a bhriseadh. Nath cainte é sin a shíolraíonn ón bhfrása as Béarla 'breaking news'. Ní droch nath é. Samhlaigh tonn ag briseadh cois trá. É sin ráite, ní thaitníonn 'ag briseadh scéalta' liom mar nath. B'fhearr liom scéal a ínsint, scéal suimiúil a thugann eolas nua tábhachtach chun solais. Ní cáineadh é seo ach 'smaoineamh ós ard'. Rith sé liom é a rá agus tá mo chuid ráite agam.