Post by Concubhar O'Liathain
Comhfhreagraí Gaeltachta, The Journal
Chaitheas seal sa Bhreatain Bheag/Cymru le déanaí ag cur agallaimh ar ghníomhaithe agus eile maidir le cás na Breatnaise. Orthu san a chuir mé agallamh orthu bhí Geraint Evans, ceannasaí S4C, a labhair faoi iarrachtaí an chainéil lucht féachana óg a mhealladh agus a fhás. Dúirt sé go raibh scannán nua Breatnaise, Effi o Blaenau, spreagtha ag iarrachtaí TG4 i réimse na scannánaíochta, leithéidí An Cailín Ciúin agus Kneecap. Ar ndóigh, is é rath scannáin Breatnaise sna 90í, leithéidí Hedd Wynn agus Branwen a spreag TG4 tabhairt faoin scannánaíocht! #Gaeilge #Cymraeg https://lnkd.in/eSMBQNQu