Post by Charlie Savage

Oifigeach na Gaeilge - DCUSU | Mac Léinn Gnó agus Gaeilge - Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU

Tá áthas an domhain orm a fhógairt gur toghadh mé mar Oifigeach na Gaeilge ar Aontas na Mac Léinn OCBÁC (DCU Students'​ Union). Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na mic léinn a chaith vóta domsa, is rud iontach é go bhfuil Oifigeach na Gaeilge tofa arís againn don bhliain seo. Táim ag tnúth go mór le bheith ag obair le hUachtarán Katherine McBride, na hoifigigh eile uilig atá ar an Aontas agus Pádraig Mac Brádaigh ón Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Is bliain mhór í seo atá romhainn toisc go bhfuil reifrinn le reáchtáil againn a bheidh muintir na hollscoile ag caitheamh vóta chun Oifigeach na Gaeilge lánaimseartha a bhunú. Táim ag súil go mór le dul i ngleic leis an dúshlán nua seo agus déanfaidh mé mo sheacht ndícheall chun an Ghaeilge a neartú agus a spreagadh timpeall na hollscoile. Ní neart go cur le chéile. -- I am delighted to announce that I have been elected as the Irish Language Officer on DCU Students’ Union. I’d like to say a huge thank you to the students who voted for me, it’s great to have an Irish Language Officer elected again for this year. I am really looking forward to be working with Katherine McBride, the other officers and Pádraig Mac Brádaigh from AMLÉ. It is a big year ahead of us as we have a referendum to run where the university will be voting to establish a full time Irish Language Officer. I’m excited to face this new challenge and I am going to do my very best to strengthen and encourage the Irish language around the university.

Post content