Post by Feargal Máirtín

Múinteoir | Digital Leader | Educational Resource Developer | Edtech Platform Founder & Director

Bhíomar an-bhuíoch an deis a fháil caint le Gormfhlaith ar Athmhaidin maidin Aoine seo caite maidir le post atá fógartha do Innealtóir AI agus Forbróir Ríomhaireachta againn ar leathanach Súilsiar Teoranta Ba bhreá linn iarratasóirí le Gaeilge a fháil ar an bpost! Beidh saineolas teic ar cheann de na príomh-inniúlachtaí don phost ach bheadh cumas sa Ghaeilge nó saineolas teangeolaíoch luachmhar mar inniúlachtaí breise ag an duine ceart. Is féidir beagán eolais breise ar an togra atá i gceist a fháil trí éisteacht leis an agallamh thíos nó trí theacht i dteagmháil go díreach liomsa nó le Emma Nic an Mhaoir Is féidir iarratas trí Ghaeilge a dhéanamh ar an bpost ar shuíomh scéal.ie de chuid Conradh na Gaeilge https://lnkd.in/dajxh-HG https://lnkd.in/dCB49yp9

Post content